|
followeth me, walketh not in darkness, but shall have the light of life. (John 8:12) |
|
|
|
|
Creidim in aon Dia amháin, an tAthair uilechumhachtach, a rinne neamh agus talamh agus an uile ní sofheicthe agus dofheicthe. Agus in aon Tiarna amháin, Íosa Críost, Aonmhac Dé, an té a rugadh ón Athair sula raibh aon saol ann. Dia ó Dhia, solas ó sholas, fíor-Dhia ó fhíor-Dhia; an té a gineadh agus nach ndearnadh, agus atá d'aonsubstaint leis an Athair; is tríd a rinneadh an uile ní. Ar ár son-na an cine daonna, agus ar son ár slánaithe, thuirling sé ó neamh. Ionchollaíodh le cumhacht an Spiorad Naoimh é i mbroinn na Maighdine Muire agus ghlac sé nádúr daonna. Céasadh ar an gcrois é freisin ar ár son; d'fhulaing sé páis faoi Phontius Píoláit agus adhlacadh é. D'aiséirigh an treas lá de réir na scrioptúr; chuaigh suas ar neamh; tá ina shuí ar dheis an Athar. Tiocfaidh sé an athuair faoi ghlóir le breithiúnas a thabhairt ar bheo agus ar mhairbh, agus ní bheidh deireadh lena ríocht. Creidim sa Spiorad Naomh, Tiarna agus bronntóir na beatha, an té a ghluaiseann ón Athair agus ón Mac. Tugtar dó adhrach agus glóir mar aon leis an Athair agus leis an Mac: ba é a labhair trí na fáithe. Creidim san aon Eaglais naofa, chaitliceach, aspalda. Adhmhaím an t-aon bhaisteadh amháin chun maithiúnas na bpeacaí. Agus táim ag súil le haiséirí na marbh agus le beatha an tsaoil atá le teacht. Amen. |