Again therefore, Jesus spoke to them, saying: I am the light of the world: he that
followeth me, walketh not in darkness, but shall have the light of life. (John 8:12)
Home | Doctrine | Prayers & Devotions| Spirituality | Saints | Pro-Life | Community | Catholic Links| Culture



An Magnificat



Mórann m'anam an Tiarna,
agus rinne mo spiorad gairdeas i nDia,
mo Shlánaitheoir;
Óir dhearc sé le fabhar ar ísle
a bhanóglaigh.
Mar féach, déarfaidh na glúine uile feasta
gur méanar dom.
Óir rinne an Té atá cumhachtach
nithe móra dom agus is naofa a ainm.
Agus tá a thrócaire ó ghlúin go glúin,
  dóibh seo ar a mbíonn a eagla.
Thaispeáin sé neart a láimhe.
Scaip sé an dream a bhí uaibhreach
i smaointe a gcroí.
Leag sé priosaí óna gcathaoireacha
agus d'ardaigh sé daoine ísle.
Líon sé lucht an ocrais le nithe maithe
agus chuir sé na saibhre uaidh folamh,
D'fhóir sé ar Iosrael, a sheirbhíseach,
ag cuimhneamh dó ar a thrócaire
de réir mar a gheall sé dár n-aithreacha,
d'Abráhám agus dá shliocht go brách.
Glóir don Athair agus don Mhac agus don
Siorad Naomh; mar a bhí ar dtús, mar atá anois
agus mar a bheas go brách le saol na saol. Amen