|
followeth me, walketh not in darkness, but shall have the light of life. (John 8:12) |
|
|
|
|
Leagan Béarla
1. Gearr Fíor na Croise ort féin 2. Cré na nAspal (ar an gcros) 3. Paidir an Tiarna - "Ár nAthair", aon uair amháin (ar an chloch mhór) 4. Sé do bheatha, a Mhuire, trí huaire (ar na trí mionchlocha) (Is féidir méadú ar na suáilcí a iarraidh anseo, creideamh, dóchas, agus grá.) 5. Glóir don Athair, aon uair amháin 6. Fógair an chéad Rúndiamhair, agus guigh "Ár nAthair" aon uair amháin, "Sé do bheatha, a Mhuire" deich n-uaire, agus "Glóir don Athair" aon uair amháin, ag déanamh do mhachnamh ar an rúndiamhair i rith an ama. 7. I ndeireadh gach deichniúr, tá sé de nós ag daoine an paidir a leanas a ghuigh, a d'iarraidh an Mhaighdean Bheannaithe Mhuire ag Fatima: A Íosa, maith dúinn ár bpeacaí, saor sinn ó thinte ifrinn, treoraigh gach aon go neamh, go háirithe iad siúd ar mó a bhfuil do thrócaire de dhíth orthu. 8. I ndiaidh duit an chéad deichniúr a chríochnú, lean ort mar an gcéanna leis an dara, an tríú agus mar sin de. Na Paidreacha Deireanacha I ndiaidh duit an Choróin Mhuire a chríochnú, abair An Salve Regina ar an mbonn. An chéad rud eile: "Guímis: A Dhia arbh é d'AonMhac..." Ord na laethanta leis an gCoróin Mhuire a rá. Rúndiamhra Sólásacha an Luain agus an Déardaoin Rúndiamhra Dólásacha na Máirt agus na hAoine Rúndiamhra Glórmhara na Céadaoin, an tSathairn agus an Domhnaigh. Na Rúndiamhra Taispeánann an clár seo leanas rúndiamhra na Corónach/Coróine Mhuire.
|