Again therefore, Jesus spoke to them, saying: I am the light of the world: he that
followeth me, walketh not in darkness, but shall have the light of life. (John 8:12)
Home | Doctrine | Prayers & Devotions| Spirituality | Saints | Pro-Life | Community | Catholic Links| Culture



Ofráil an Phaidrín


Ofrálaim suas an Choróin Mhuire seo in onóir agus in ainm Éosa agus in onóir na Maighdine glórmhaire Mhuire bheith rannphõirteach le hÉobairt naofa an Aifrinn, ar an intinn chßanna a d'ofráil ár Slánaitheoir é féin ar chrann na croise ar ár son; le hintinn an Phápa agus an Teampaill Chaitlicigh Rómánaigh; ar son gach anam bocht is géire agus is mó atá ag fulaingt pianta purgadóireachta, go speisialta dár mairbh bhochta féin. Má tá fuíoll faoistine ná dearmad Aifrinn orthu, laghdú ar a bpianta agus méadú ar a nglóir; lucht díchreidimh an domhain a iompú ar an staid cheart, agus iad so atá ar an staid cheart a fhágáil ann. Á iarraidh ar Dhia agus á chur faoi bhrí na n-urnaithe seo.
Nár thuga Dia aon drochbhás ná gearrbhás ná bás obann dúinn, ach dea-bhás agus bás naofa ar staid na ngrás, bás le hola agus le haithrí, i gciall agus i gcuimhne, i ngrá agus in eagla Dé. Corp naofa an Tiarna go raibh mar lón síoraí ag ár n-anam bocht ag fágáil an tsaoil so, agus brat na Maighdine Muire mar chumhdach. Go dtuga Dia na grásta sin dúinn. Amen. (1)


Prayer from "Ár bPaidreacha Dúchais"

(1) Munster (Mumhan)