Labhair Íosa leo arís más ea: "Is mise," ar sé, "solas an tsaoil. An té a leanfaidh
mise, ní shiúlfaidh sé sa dorchacht, ach beidh aige solas na beatha." (Eoin 8:12)
Abhaile | An Teagasc | Urnaithe agus Deabhóidí | Spioradáltacht | Na Naoimh | Ar son na Beatha | Pobal | Naisc Caitliceacha | Cultúr



Na Rúndiamhra Dólásacha



An Chéad Rúndiamhair Dhólásach
Urnaí agus Allas Fola ár Slánaitheoira sa Gháirdín

Agus chonacthas aingeal ó neamh dó á neartú. Ó bhí sé in anbhroid, ba dhéinide é ag guí; agus bhí a chuid allais mar a bheadh braonta ramhra fola ag sileadh go talamh. (Lúcás 22:43-44)

Ár nAthair aon uair amháin, Sé do bheatha, a Mhuire deich n-uaire, Glóir don Athair aon uair amháin

A Íosa, maith dúinn ár bpeacaí, saor sinn ó thinte ifrinn, stiúir anam gach aon go flaithis Dé, go háirithe iad siúd atá i bhfíor-ghéarghá do thrócaire.


An Dara Rúndiamhair Dhólásach
Sciúrsáil Íosa ag an Philéar

Ansin ghabh Pioláit Íosa agus sciúrsáil sé é. (Eoin 19:1)

Ár nAthair aon uair amháin, Sé do bheatha, a Mhuire deich n-uaire, Glóir don Athair aon uair amháin

A Íosa, maith dúinn ár bpeacaí, saor sinn ó thinte ifrinn, stiúir anam gach aon go flaithis Dé, go háirithe iad siúd atá i bhfíor-ghéarghá do thrócaire.


An Tríú Rúndiamhair Dhólásach
Corónú Ár dTiarna le Coróin Spíne

Bhain siad de a chuid éadaigh agus ghléas siad i bhfallaing chraorag é: rinne siad coróin a fhí de dheilgneach agus í a bhualadh ar a cheann agus giolcach a chur ina láimh dheis, agus teacht ar a nglúine os a chomhair ag fonóid faoi ag rá: “Sé do bheatha, a Rí na nGiúdach!” (Matha 27:28-29)

Ár nAthair aon uair amháin, Sé do bheatha, a Mhuire deich n-uaire, Glóir don Athair aon uair amháin

A Íosa, maith dúinn ár bpeacaí, saor sinn ó thinte ifrinn, stiúir anam gach aon go flaithis Dé, go háirithe iad siúd atá i bhfíor-ghéarghá do thrócaire.


An Ceathrú Rúndiamhair Dhólásach
Íosa ag Iompar na Croise

Ansin thug sé suas dóibh é chun a chéasta. Céasadh Íosa Rug siad Íosa leo. Rinne sé féin an chros a iompar, agus ghabh sé amach go dtí Áit an Chloiginn – a dtugtar Golgota san Eabhrais air. (Eoin 19:16-17)

Ár nAthair aon uair amháin, Sé do bheatha, a Mhuire deich n-uaire, Glóir don Athair aon uair amháin

A Íosa, maith dúinn ár bpeacaí, saor sinn ó thinte ifrinn, stiúir anam gach aon go flaithis Dé, go háirithe iad siúd atá i bhfíor-ghéarghá do thrócaire.


An Cúigiú Rúndiamhair Dhólásach
Céasadh agus Bás ár dTiarna Íosa Críost ar an Chrois

Bhí sé timpeall an séú huair faoin am seo nuair a tháinig dorchadas anuas ar an talamh go léir go dtí an naoú huair, mar chaill an ghrian a solas. Réabadh brat an Teampaill ina lár. Agus ghlaoigh Íosa amach de ghlór ard agus dúirt: “A Athair, taobhaím mo spiorad i leith do lámh.” Agus ar a rá sin dó, shíothlaigh sé. (Lúcás 23:44-46)



Ár nAthair aon uair amháin, Sé do bheatha, a Mhuire deich n-uaire, Glóir don Athair aon uair amháin

A Íosa, maith dúinn ár bpeacaí, saor sinn ó thinte ifrinn, stiúir anam gach aon go flaithis Dé, go háirithe iad siúd atá i bhfíor-ghéarghá do thrócaire.





Scripture verses from "An Bíobla Naofa", used on this website with the kind permission of the publisher (An Sagart).


The Joyful Mysteries Na Rúndiamhra Sólásacha
The Sorrowful Mysteries Na Rúndiamhra Dólásacha
The Glorious Mysteries Na Rúndiamhra Glórmhara