Again therefore, Jesus spoke to them, saying: I am the light of the world: he that
followeth me, walketh not in darkness, but shall have the light of life. (John 8:12)
Home | Doctrine | Prayers & Devotions| Spirituality | Saints | Pro-Life | Community | Catholic Links| Culture



Na Rúndiamhra Glórmhara


In ainm an Athar agus an Mhic agus an Spioraid Naoimh. Amen.

Cré na n-Aspal

Creidim i nDia, an tAthair uilechumhachtach,
Cruthaitheoir neimhe agus talún;
agus in Íosa Críost, a aon Mhacsan, ár dTiarna,
a ghabhadh ón Spiorad Naomh,
a rugadh ó Mhuire Ógh;
a d'fhulaing páis faoi Phointius Píoláit,
a céasadh ar chrois, a fuair bás agus a adhlacadh;
a chuaigh síos go hIfreann,
a d'éirigh an treas lá ó mhairbh;
a chuaigh suas ar neamh;
atá ina shuí ar dheis Dé,
An tAthair uilechumhachtach;
As sin tiocfaidh sé chun
Breithiúnas a thabhairt Ar bheo agus ar mhairbh.
Creidim sa Spiorad Naomh,
Sa Naomh-Eaglais Chaitliceach,
I gComaoin na Naomh;
I maithiúnas na bpeacaí
In aiséirí na colainne,
Agus sa bheatha shíoraí. Amen.

Ár nAthair atá ar neamh,
go naofar d'ainm
Go dtaga do ríocht
Go ndéantar do thoil ar an talamh mar a dhéantar ar neamh.
ár n-arán laethúil tabhair dúinn inniu,
agus maith dúinn ár bhfiacha
Mar a mhaithimidne dár bhféichiúnaithe féin
Agus ná lig sinn i gcathú
ach saor sinn ó olc. Amen.

Sé do bheatha, a Mhuire, atá lán de ghrásta, tá an Tiarna leat. Is beannaithe thú idir mná Agus is beannaithe toradh do bhroinne, Íosa. A Naomh-Mhuire, a Mháthair Dé, guigh orainn na peacaigh, Anois agus ar uair ár mbáis. Amen. (Trí huaire a rá)

Glóir don Athair agus don Mhac agus don Spiorad Naomh;/ Mar a bhí ar dtús, mar atá anois agus mar a bheas go brách, le saol na saol. Amen

Ó a Íosa, maith dhúinn ár bpeacaí, saor sinn ó thine ifrinn, agus stiúir anam gach n-aon go flaithis Dé, go háirithe iad súd atá i bhfíor-ghéarghá do thrócaire.

An Chéad Rúndiamhair Ghlórmhar
An tAiséirí

Ár nAthair atá ar neamh,
go naofar d'ainm
Go dtaga do ríocht
Go ndéantar do thoil ar an talamh mar a dhéantar ar neamh.
ár n-arán laethúil tabhair dúinn inniu,
agus maith dúinn ár bhfiacha
Mar a mhaithimidne dár bhféichiúnaithe féin
Agus ná lig sinn i gcathú
ach saor sinn ó olc. Amen.

Amen, Amen, a deirim libh, beidh sibhse ag gol agus ag caoineadh,/
ach beidh ag saol ag déanamh áthais, Beidh sibhse buartha, ach iompófar bhur mbuairt chun áthais. (Eoin 16:20)

Sé do bheatha, a Mhuire...

Agus sibhse mar an gcéanna, tá buairt oraibh anois, ach feicfidh mé arís sibh, agus beidh bhur gcroí ag déanamh áthais,/
agus ní bhainfidh duine ar bith bhur n-áthas díbh. (Eoin 16:22)

Sé do bheatha, a Mhuire...

Tar éis na sabóide, le láchan an chéad lae den tseachtain,/
tháinig Máire Mhaighdiléana agus an Mháire eile ag feiceáil na huaimhe. (Matha 28:1)

Sé do bheatha, a Mhuire...

Agus bhí maidhm mhór talún ann, mar thuirling aingeal an Tiarna ó neamh agus tháinig ag iompú na cloiche siar agus shuigh sé uirthe./
Bhí a ghnúis mar a bheadh splanc agus éadach air a bhí chomh bán le sneachta. (Matha 28:2,3)

Sé do bheatha, a Mhuire...

Labhair an t-aingeal leis na mná agus dúirt: "Ná bíodh aon eagla oraibhse, mar tá a fhios agam go bhfuil sibh ag lorg Íosa, an té a céasadh./
Níl sé anseo. (Matha 28:5,6)

Sé do bheatha, a Mhuire...

"Agus imígí libh go tapa á insint dá dheisceabail go bhfuil sé éirithe ó mhairbh, agus tá sé ag dul romhaibh go dtí an Ghailíl: is ansiúd a fheicfidh sibh é. Sin agaibh mo scéal!"/
D'fhág siad an tuama go tapa, agus uamhan agus ardáthas orthu, agus iad ag rith le fios an scéil chun a dheisceabail. (Matha 28:7,8)

Sé do bheatha, a Mhuire...

Tráthnóna an lae chéanna, an chéad lá den tseachtain, agus na doirse faoi ghlas le heagla na nGiúdach, san áit ina raibh na deisceabail,/
tháinig Íosa agus sheas ina measc agus dúirt leo: "Síocháin daoibh!" (Eoin 20:19)

Sé do bheatha, a Mhuire...

Tomás, duine den dáréag ar a dtugtaí an Leathchúpla, ní raibh sé leo nuair a tháinig Íosa. Dúirt na deisceabail eile leis: "Chonaiceamar an Tiarna."/
Ach dúirt seisean leo: "Mura bhfeicfidh mé rian na dtairní ar a dhearnana, agus mo mhéar a chur i bpoll na dtairní, agus mo lámh ina chliathán, ní chreidfidh me." (Eoin 20:24,25)

Sé do bheatha, a Mhuire...

Ocht lá ina dhiaidh sin, bhí a dheisceabail istigh arís, agus Tomás in éineacht leo. Tháinig Íosa agus na doirse faoi ghlas, sheas sé ina measc agus dúirt: "Síocháin daoibh!"/
Ansin dúirt sé le Tomás: "Tabhair i leith do mhéar agus féach mo dhearnana, sín amach do lámh agus cuir i mo chliathán í, agus ná bí díchreidmheach ach creidmheach." (Eoin 20:26,27)

Sé do bheatha, a Mhuire...

"Mise an t-aiséirí agus an bheatha; An té a chreideann ionamsa, fiú amháin má fhaigheann sé bás, mairfidh sé,/
agus gach duine a mhaireann is a chreideann ionamsa, ní bhfaighidh sé bás choíche." (Eoin 11:25,26)

Sé do bheatha, a Mhuire...

Glóir don Athair agus don Mhac agus don Spiorad Naomh;/ Mar a bhí ar dtús, mar atá anois agus mar a bheas go brách, le saol na saol. Amen

Ó a Íosa, maith dhúinn ár bpeacaí, saor sinn ó thine ifrinn, agus stiúir anam gach n-aon go flaithis Dé, go háirithe iad súd atá i bhfíor-ghéarghá do thrócaire.


An Dara Rúndiamhair Ghlórmhar
An Deascabháil

Ár nAthair atá ar neamh,
go naofar d'ainm
Go dtaga do ríocht
Go ndéantar do thoil ar an talamh mar a dhéantar ar neamh.
ár n-arán laethúil tabhair dúinn inniu,
agus maith dúinn ár bhfiacha
Mar a mhaithimidne dár bhféichiúnaithe féin
Agus ná lig sinn i gcathú
ach saor sinn ó olc. Amen.

"Ná bíodh buaireamh ar bhur gcroí: creideann sibh i nDia; creidigí ionamsa leis./
Is iomaí áras i dteach m'Athar. Mura mbeadh, d'inseoinn daoibh é. Óir táim ag dul ag cur áite i gcóir daoibh," (Eoin 14:1,2)

Sé do bheatha, a Mhuire...

"agus má théim agus áit a chur i gcóir daoibh, tiocfaidh mé arís agus tógfaidh mé sibh chugam féin;/
i dtreo, an áit ina mbeidh mise, go mbeidh sibhse chomh maith." (Eoin 14:3)

Sé do bheatha, a Mhuire...

Ansin sheol sé amach iad chomh fada le Béatáine,/
agus ag ardú a lámh dó, bheannaigh iad. (Lúcás 24:50)

Sé do bheatha, a Mhuire...

Tháinig Íosa chucu agus labhair sé leo: "Tá gach údarás tugtha domsa ar neamh agus ar talamh. Imígí dá bhrí sin, déanaigí deisceabail de na náisiúin uile,/
á mbaisteadh in ainm an Athar agus an Mhic agus an Spioraid Naoimh." (Matha 28:18,19)

Sé do bheatha, a Mhuire...

"ag múineadh dóibh gach ní atá ordaithe agam a choinneáil./
Agus féach, táim in éineacht libh i gcónaí go dtí deireadh an tsaoil." (Matha 28:20)

Sé do bheatha, a Mhuire...

"Ach d'fhreagair sé iad: "Ní aon chuid de bhur ngnósa é eolas a fháil ar na hamanna na ar na tráthnanna atá leagtha amach ag an Athair as a údarás féin. Ach gheobhaidh sibh neart an Spioraid Naoimh atá le tuirlingt oraibh/
agus beidh sibh in bhur bhfinnéithe ormsa in Iarúsailéim agus ar fud Iúdáia go léir agus na Samáire agus a fhad le himeall an domhain." (Gníomhartha na nAspal 1:7,8)

Sé do bheatha, a Mhuire...

Ar rá an méid sin dó, tógadh suas os comhair a súl é/
agus d'ardaigh scamall as a radharc é. (Gníomhartha na nAspal 1:9)

Sé do bheatha, a Mhuire...

Dá bhrí sin, tógtha an Tiarna Íosa suas ar neamh,/
agus chuaigh sé chun suite ar dheaslámh Dé. (Marcas 16:19)

Sé do bheatha, a Mhuire...

Fad a bhí siad ag stánadh in airde sa spéir ina dhiaidh sheas beirt fhear in éadaí bána ina n-aice./
"A fheara na Gailíle," ar siad, "cad ab áil libh in bhur seasamh ansin ag amharc in airde sa spéir?" (Gníomhartha na nAspal 1:10,11)

Sé do bheatha, a Mhuire...

"An Íosa seo a tógadh saus ar neamh uaibh,/
tiocfaidh sé an tslí chéanna ina bhfaca sibh ag dul suas é." (Gníomhartha na nAspal 1:11)

Sé do bheatha, a Mhuire...

Glóir don Athair agus don Mhac agus don Spiorad Naomh;/ Mar a bhí ar dtús, mar atá anois agus mar a bheas go brách, le saol na saol. Amen

Ó a Íosa, maith dhúinn ár bpeacaí, saor sinn ó thine ifrinn, agus stiúir anam gach n-aon go flaithis Dé, go háirithe iad súd atá i bhfíor-ghéarghá do thrócaire.


An Tríú Rúndiamhair Ghlórmhar
Tuirlingt an Spiorad Naomh

Ár nAthair atá ar neamh,
go naofar d'ainm
Go dtaga do ríocht
Go ndéantar do thoil ar an talamh mar a dhéantar ar neamh.
ár n-arán laethúil tabhair dúinn inniu,
agus maith dúinn ár bhfiacha
Mar a mhaithimidne dár bhféichiúnaithe féin
Agus ná lig sinn i gcathú
ach saor sinn ó olc. Amen.

Ar ais leo ansin go Iarúsailéim ó Chnoc na nOlóg mar a thugtar air, cnoc atá i ngiorracht siúl lá sabóide do Iarúsailéim. Nuair a shroich siad an chathair chuaig siad in airde go dtí an seomra uachtarach mar a raibh siad ag baint fúthu: bhí Peadar ann, Eoin agus Séamas, Aindrias, Pilib agus Tomás, Parthalán, Matha agus Séamas Alfáias, Síomón Díograiseach agus Iúdás Shéamais./
Lean siadsan go léir ag guí gan staonadh le chéile mar aon le mná áirithe agus le Muire máthair Íosa lena bhráithre. (Gníomhartha na nAspal 1:12-14)

Sé do bheatha, a Mhuire...

Nuair a tháinig Lá Cincíse bhí siad go léir le chéile ar aon láthair. Agus de phreib tháinig glór ón spéir mar a bheadh séideán gaoithe móire/
agus líon sé an teach ar fad ina raibh siad ina suí. (Gníomhartha na nAspal 2:1,2)

Sé do bheatha, a Mhuire...

Agus chonacthas dóibh mar a bheadh teangacha tine ag scaradh ó chéile nó gur shuigh an tine ar gach duine acu. Agus líonadh iad go léir den Spiorad Naomh/
agus thosaigh siad ag labhairt i dteangacha difriúla de réir mar thug an Spiorad urlabhra dóibh. (Gníomhartha na nAspal 2:3,4)

Sé do bheatha, a Mhuire...

Bhí Giúdaigh dhiaganta ó gach cine faoin spéir ag cur fúthu in Iarúsailéim agus nuair a chualathas an glór úd chruinnigh an slua agus iad ar mearbhall/
de bhrí gur chuala gach duine a theanga féin á labhairt acusan. (Gníomhartha na nAspal 2:5,6)

Sé do bheatha, a Mhuire...

Bhí ionadh agus alltacht orthu: "Féach," ar siad, "nach Gailíligh iad seo go léir atá ag caint? Conas a tharlaíonn go gcloiseann gach duine againne iad ag labhairt inár dteanga dhúchais féin?"/
Bhí alltacht agus mearbhall orthu go léir agus deiridís le chéile: "Cad is ciall leis seo?" Ach is é a deireadh cuid eile acu le teann fonóide: "Lán d'fhíon úr atá siadsan." (Gníomhartha na nAspal 2:7,8,12,13)

Sé do bheatha, a Mhuire...

Ansin d'éirigh Peadar ina sheasamh i gcuideachta an Aon Duine Dhéag agus labhair leo de ghuth ard:/
"A fheara Iúdá," ar seisean, "agus a mhuintir uile Iarúsailéim, bíodh a fhios agaibh é seo agus tugaigí cluas dá bhfuil á rá agamsa" (Gníomhartha na nAspal 2:14)

Sé do bheatha, a Mhuire...

"Ní ar meisce atá na daoine seo mar is dóigh libhse, mar nach bhfuil sé ach a naoi a chlog ar maidin. Ní hea, ach is é seo an ní ar thrácht Ióéil fáidh air:/
'Tarlóidh sna laethanta diereanacha,' arsa an Tiarna, 'go ndoirtfidh mé amach mo spiorad ar an uile dhuine' (Gníomhartha na nAspal 2:15,16,17)

Sé do bheatha, a Mhuire...

'Ach cibé duine a ghlaofaidh ar ainm an Tiarna,/
slánófar é.' (Gníomhartha na nAspal 2:21)

Sé do bheatha, a Mhuire...

Agus d'fhreagair Peadar iad: "Déanaigí aithrí," ar seisean, "déantar gach duine agaibh a bhaisteadh in ainm Íosa Críost chun maithiúnas na bpeacaí/
agus glacfaidh sibh tabhartas an Spioraid Naoimh. (Gníomhartha na nAspal 2:38)

Sé do bheatha, a Mhuire...

An méid díobh a ghlac lena theachtaireacht, baisteadh iad/
agus cuireadh tuairim is trí mhíle duine lena líon an lá sin. (Gníomhartha na nAspal 2:41)

Sé do bheatha, a Mhuire...

Glóir don Athair agus don Mhac agus don Spiorad Naomh;/ Mar a bhí ar dtús, mar atá anois agus mar a bheas go brách, le saol na saol. Amen.

Ó a Íosa, maith dhúinn ár bpeacaí, saor sinn ó thine ifrinn, agus stiúir anam gach n-aon go flaithis Dé, go háirithe iad súd atá i bhfíor-ghéarghá do thrócaire.


An Ceathrú Rúndiamhair Ghlórmhar
An Deastógáil

Ár nAthair atá ar neamh,
go naofar d'ainm
Go dtaga do ríocht
Go ndéantar do thoil ar an talamh mar a dhéantar ar neamh.
ár n-arán laethúil tabhair dúinn inniu,
agus maith dúinn ár bhfiacha
Mar a mhaithimidne dár bhféichiúnaithe féin
Agus ná lig sinn i gcathú
ach saor sinn ó olc. Amen.

Seo é mo ghrá ag labhairt liom: Éirigh chuganm, a rún;/
a ghile, gluais liom. (Laoi na Laoithe 2:10)

Sé do bheatha, a Mhuire...

Seo anois tá an geimhreadh thart,/
tá an bháisteach glanta feasta. (Laoi na Laoithe 2:11)

Sé do bheatha, a Mhuire...

Dá bhfeicfinn do ghnúis, dá gcluinfinn do ghluth!/
óir is binn é do ghuth, is álainn í do ghnúis. (Laoi na Laoithe 2:14)

Sé do bheatha, a Mhuire...

Ansin thaibhsigh an comhartha mór sa spéir,/
bean a raibh an ghrian mar bhrat uimpi. (Apacailipsis Eoin 12:1)

Sé do bheatha, a Mhuire...

Agus an ghealach faoina cosa/
agus coróin de dhá réalta déag ar a crann. (Apacailipsis Eoin (12:1)

Sé do bheatha, a Mhuire...

Tá iníon an rí gléasta le róbaí órmhaisithe,/
agus seoltar chun an rí í faoi éadaí ildathacha. (Leabhar na Salm 45:14,15)

Sé do bheatha, a Mhuire...

Beidh cuimhne ar d'ainm go brách de bharr an dáin seo/
agus molfaidh na ciníocha thú go brách na breithe. (Salm 45:18)

Sé do bheatha, a Mhuire...

"Is beannaithe thú ag Dia, an té is airde,/
thar mná an domhain go léir;/ moladh leis an Tiarna Dia, a chruthaigh neamh agus talamh, agus a threoraigh thú lena cheann a theascadh de cheannaire ár naimhde. (Leabhar Iúidit 13:18)

Sé do bheatha, a Mhuire...

Ní rachaidh cuimhne ar an muinín a nocht tú ar ceal ó chroíthe daoine/
go brách fad a bheidh cuimhne acu ar neart Dé. (Leabhar Iúidit 13:19)

Sé do bheatha, a Mhuire...

"Is tú glóir Iarúsailéim: Is tú ábhar mórmhaíte Iosrael!/
Is tú barr onóra ár gcine! (Leabhar Iúidit 15:9)

Sé do bheatha, a Mhuire...

Glóir don Athair agus don Mhac agus don Spiorad Naomh;/ Mar a bhí ar dtús, mar atá anois agus mar a bheas go brách, le saol na saol. Amen

Ó a Íosa, maith dhúinn ár bpeacaí, saor sinn ó thine ifrinn, agus stiúir anam gach n-aon go flaithis Dé, go háirithe iad súd atá i bhfíor-ghéarghá do thrócaire.


An Cúigiú Rúndiamhair Ghlórmhar
Corúnú na Maighdine mar Bhanríon ar bhFlaitheas

Ár nAthair atá ar neamh,
go naofar d'ainm
Go dtaga do ríocht
Go ndéantar do thoil ar an talamh mar a dhéantar ar neamh.
ár n-arán laethúil tabhair dúinn inniu,
agus maith dúinn ár bhfiacha
Mar a mhaithimidne dár bhféichiúnaithe féin
Agus ná lig sinn i gcathú
ach saor sinn ó olc. Amen.

Lus an chroimchinn beag ar mhá mé,/
seileastar boch i ngleann. (Laoi na Laoithe 2:1)

Sé do bheatha, a Mhuire...

"Cé hí seo cugainn mar fháinne an lae,/
gealach ar áille, grian ar loinnir, chomh huafar le cathshlua?" (Laoi na Laoithe 6:10)

Sé do bheatha, a Mhuire...

Osclóidh sí a béal i gcomhthionól an Té is Airde/
agus déanfaidh sí mórtas i láthair a shlua. (Leabhar Shíorach 24:2)

Sé do bheatha, a Mhuire...

"Tá sealúchas agam i dtonnta na bóchna, agus ar fud an domhain, i ngach pobal agus i ngach cine./
Lorg mé áit lonnaithe ina measc sin go léir, agus cé hiad a suífinn mo champa ina gcríocha." (Leabhar Shíorach 24:6,7)

Sé do bheatha, a Mhuire...

Ón tsíoraíocht roimh thúsú an domhain, chruthaigh sé mé, agus beidh mé ann go brách na breithe./
Rinne mé freastal ina láthair sa bhoth naofa, agus ar an gcuma sin daingníodh mé ar Shíón. (Leabhar Shíorach 24:9,10)

Sé do bheatha, a Mhuire...

Mar an gcéanna chuir sé i mo chónaí mé sa chathair is ansa leis, agus is in Iarúsailéim atá mo thiarnas agam./
"Chuir mé fréamhacha amach i bpobal a bhí faoi ghradam, i sealúchas an Tiarna arb é a oidhreacht é." (Leabhar Shíorach 24:11,12)

Sé do bheatha, a Mhuire...

"Dála na fíniúna, d'eascair craobha áille asam, agus tá glóir agus saibhreas mar thoradh ar mo bhláth./
Óir is milse ná mil a bheith ag cuimhneamh orm, agus is dea-bhlasta fós ná cíor mheala mé a shealbhú." (Leabhar Shíorach 24:17, 20)

Sé do bheatha, a Mhuire...

"Ní náireofar an té a éisteann liom,/
agus a mhuintir a dhéanann rud orm, ní dhéanfaidh siad peaca choíche." (Leabhar Shíorach 24:22)

Sé do bheatha, a Mhuire...

"Anois, a chlann mhac, éistigí liomsa; Is méanar don mhuintir a leanann de mo bhealaí,/
Éistigí le teagasc agus bígí eagnaí; ná déanaigí faillí air." (Leabhar na Seanfhocal 8:32,33)

Sé do bheatha, a Mhuire...

"Is méanar don fhear a éisteann liomsa, ag faire gach lá ag mo gheataí, ag feitheamh ag mo dhoirse./
"Óir an té a gheobhaidh mise, gheobhaidh sé an bheatha, agus gnóthóidh sé gnaoi an Tiarna." (Leabhar na Seanfhocal 8:34,35)

Sé do bheatha, a Mhuire...

Glóir don Athair agus don Mhac agus don Spiorad Naomh;/ Mar a bhí ar dtús, mar atá anois agus mar a bheas go brách, le saol na saol. Amen

Ó a Íosa, maith dhúinn ár bpeacaí, saor sinn ó thine ifrinn, agus stiúir anam gach n-aon go flaithis Dé, go háirithe iad súd atá i bhfíor-ghéarghá do thrócaire.


Go mbeannaíthear duit, a Bhanríon Naofa,
A Mháthair na trócaire,
ár mbeatha, ár mílseacht agus ár ndóchas,
Go mbeannaíthear duit.
Is ort a ghlaoimid, clann dhíbeartha Éabha.
Is chugat a chuirimid suas ár n-urnaí,
Ag caoineadh agus ag gol,
sa ghleann seo na ndeor.
Ar an ábhar sin, ós tú ár n-abhcóide,
iompaigh orainn dó shúile atá lán de thrua,
agus tar éis na deoraíochta seo
taispeáin dúinn Íosa,
toradh beannaithe do bhroinne,
A Mhaighdean Mhuire cheansa, ghrámhar, mhilis.
V. Guigh orainn a Naomh-Mháthair Dé
R. Ionas go mb'fiú sinn geallúna Chríost.

Guímís:
A Dhia arbh é d'Aonmhac a
cheannaigh dúinn luach saothair na beatha
síoraí lena bheatha, lena bhás agus lena
aiséirí; tabhair dúinn, impímid, ag machnamh
dúinn ar na rúndiamhra sin sa
Choróin rónaofa Mhuire, go leanfaimis
a bhfuil le fáil iontu agus go bhfaighmis a
bhfuil geallta acu; tríd an Íosa Críost céanna
ár dTiarna. Amen.
Go bhfana cabhair Dé againn i gcónaí.
Agus go bhfaighe anamacha na bhfíréan
suaimhneas síoraí. Trí Chríost ár dTiarna. Amen

In ainm an Athar agus an Mhic agus an Spioraid Naoimh. Amen.





The Joyful Mysteries Na Rúndiamhra Sólásacha
The Luminous Mysteries Na Rúndiamhra Solasmhara
The Sorrowful Mysteries Na Rúndiamhra Dólásacha
The Glorious Mysteries Na Rúndiamhra Glórmhara