Labhair Íosa leo arís más ea: "Is mise," ar sé, "solas an tsaoil. An té a leanfaidh
mise, ní shiúlfaidh sé sa dorchacht, ach beidh aige solas na beatha." (Eoin 8:12)
Abhaile | An Teagasc | Urnaithe agus Deabhóidí | Spioradáltacht | Na Naoimh | Ar son na Beatha | Pobal | Naisc Caitliceacha | Cultúr



Na Rúndiamhra Glórmhara



An Chéad Rúndiamhair Ghlórmhar
An tAiséirí

Labhair an t-aingeal leis na mná agus dúirt: "Ná bíodh aon eagla oraibhse, mar tá a fhios agam go bhfuil sibh ag lorg Íosa, an té a céasadh. Níl sé anseo. (Matha 28:5-6)

Ár nAthair aon uair amháin, Sé do bheatha, a Mhuire deich n-uaire, Glóir don Athair aon uair amháin

A Íosa, maith dúinn ár bpeacaí, saor sinn ó thinte ifrinn, stiúir anam gach aon go flaithis Dé, go háirithe iad siúd atá i bhfíor-ghéarghá do thrócaire.


An Dara Rúndiamhair Ghlórmhar
An Deascabháil

Dá bhrí sin, tógtha an Tiarna Íosa suas ar neamh, agus chuaigh sé chun suite ar dheaslámh Dé. (Marcus 16:19)

Ár nAthair aon uair amháin, Sé do bheatha, a Mhuire deich n-uaire, Glóir don Athair aon uair amháin

A Íosa, maith dúinn ár bpeacaí, saor sinn ó thinte ifrinn, stiúir anam gach aon go flaithis Dé, go háirithe iad siúd atá i bhfíor-ghéarghá do thrócaire.


An Tríú Rúndiamhair Ghlórmhar
Tuirlingt an Spiorad Naomh

Agus chonacthas dóibh mar a bheadh teangacha tine ag scaradh ó chéile nó gur shuigh an tine ar gach duine acu. Agus líonadh iad go léir den Spiorad Naomh agus thosaigh siad ag labhairt i dteangacha difriúla de réir mar thug an Spiorad urlabhra dóibh. (Gníomhartha na nAspal 2:3-4)

Ár nAthair aon uair amháin, Sé do bheatha, a Mhuire deich n-uaire, Glóir don Athair aon uair amháin

A Íosa, maith dúinn ár bpeacaí, saor sinn ó thinte ifrinn, stiúir anam gach aon go flaithis Dé, go háirithe iad siúd atá i bhfíor-ghéarghá do thrócaire.


An Ceathrú Rúndiamhair Ghlórmhar
An Deastógáil

Ansin thaibhsigh an comhartha mór sa spéir, bean a raibh an ghrian mar bhrat uimpi. Agus an ghealach faoina cosa agus coróin de dhá réalta déag ar a crann. (Apacailipsis Eoin 12:1)

Ár nAthair aon uair amháin, Sé do bheatha, a Mhuire deich n-uaire, Glóir don Athair aon uair amháin

A Íosa, maith dúinn ár bpeacaí, saor sinn ó thinte ifrinn, stiúir anam gach aon go flaithis Dé, go háirithe iad siúd atá i bhfíor-ghéarghá do thrócaire.


An Cúigiú Rúndiamhair Ghlórmhar
Corúnú na Maighdine mar Bhanríon ar bhFlaitheas

Ach dúirt an t-aingeal léi: “Ná bíodh eagla ort, a Mhuire, óir fuair tú gean ó Dhia. Agus féach, gabhfaidh tú gin agus béarfaidh tú mac agus tabharfaidh tú Íosa mar ainm air. Beidh sé mór, agus glaofar Mac an Té is airde air, agus tabharfaidh an Tiarna Dia dó ríchathaoir Dháiví a athair, agus beidh sé ina Rí ar theaghlach Iacóib go brách, agus ní bheidh deireadh lena ríocht.” (Lúcás 1:30-33)

Ár nAthair aon uair amháin, Sé do bheatha, a Mhuire deich n-uaire, Glóir don Athair aon uair amháin

A Íosa, maith dúinn ár bpeacaí, saor sinn ó thinte ifrinn, stiúir anam gach aon go flaithis Dé, go háirithe iad siúd atá i bhfíor-ghéarghá do thrócaire.





Scripture verses from "An Bíobla Naofa", used on this website with the kind permission of the publisher (An Sagart).


The Joyful Mysteries Na Rúndiamhra Sólásacha
The Sorrowful Mysteries Na Rúndiamhra Dólásacha
The Glorious Mysteries Na Rúndiamhra Glórmhara