Again therefore, Jesus spoke to them, saying: I am the light of the world: he that
followeth me, walketh not in darkness, but shall have the light of life. (John 8:12)
Home | Doctrine | Prayers & Devotions| Spirituality | Saints | Pro-Life | Community | Catholic Links| Culture



Na Rúndiamhra Shólásacha



In ainm an Athar agus an Mhic agus an Spioraid Naoimh. Amen.

Cré na n-Aspal

Creidim i nDia, an tAthair uilechumhachtach,
Cruthaitheoir neimhe agus talún;
agus in Íosa Críost, a aon Mhacsan, ár dTiarna,
a ghabhadh ón Spiorad Naomh,
a rugadh ó Mhuire Ógh;
a d'fhulaing páis faoi Phointius Píoláit,
a céasadh ar chrois, a fuair bás agus a adhlacadh;
a chuaigh síos go hIfreann,
a d'éirigh an treas lá ó mhairbh;
a chuaigh suas ar neamh;
atá ina shuí ar dheis Dé,
An tAthair uilechumhachtach;
As sin tiocfaidh sé chun
Breithiúnas a thabhairt Ar bheo agus ar mhairbh.
Creidim sa Spiorad Naomh,
Sa Naomh-Eaglais Chaitliceach,
I gComaoin na Naomh;
I maithiúnas na bpeacaí
In aiséirí na colainne,
Agus sa bheatha shíoraí. Amen.

Ár nAthair atá ar neamh,
go naofar d'ainm
Go dtaga do ríocht
Go ndéantar do thoil ar an talamh mar a dhéantar ar neamh.
ár n-arán laethúil tabhair dúinn inniu,
agus maith dúinn ár bhfiacha
Mar a mhaithimidne dár bhféichiúnaithe féin
Agus ná lig sinn i gcathú
ach saor sinn ó olc. Amen.

Sé do bheatha, a Mhuire, atá lán de ghrásta, tá an Tiarna leat. Is beannaithe thú idir mná Agus is beannaithe toradh do bhroinne, Íosa. A Naomh-Mhuire, a Mháthair Dé, guigh orainn na peacaigh, Anois agus ar uair ár mbáis. Amen. (Trí huaire a rá)

Glóir don Athair agus don Mhac agus don Spiorad Naomh;/ Mar a bhí ar dtús, mar atá anois agus mar a bheas go brách, le saol na saol. Amen

Ó a Íosa, maith dhúinn ár bpeacaí, saor sinn ó thine ifrinn, agus stiúir anam gach n-aon go flaithis Dé, go háirithe iad súd atá i bhfíor-ghéarghá do thrócaire.


An Chéad Rúndiamhair Shólásach
Teachtaireacht an Aingil

Ár nAthair atá ar neamh,
go naofar d'ainm
Go dtaga do ríocht
Go ndéantar do thoil ar an talamh mar a dhéantar ar neamh.
ár n-arán laethúil tabhair dúinn inniu,
agus maith dúinn ár bhfiacha
Mar a mhaithimidne dár bhféichiúnaithe féin
Agus ná lig sinn i gcathú
ach saor sinn ó olc. Amen.


Sa séú mí, cuireadh an t-aingeal Gaibriéil ó Dhia go dtí cathair sa Ghailíl darbh ainm Nazarat chun maighdine a bhí luaite le fear de theaghlach Dháiví darbh ainm Iósaef,/
agus b'é ab ainm don mhaighdean, Muire. (Lúcás 1:26,27)

Sé do bheatha, a Mhuire...

Agus ar a theacht isteach chuici dúirt: "Sé do bheatha, atá lán de ghrásta,/
tá an Tiarna leat;" (Lúcás 1:28)

Sé do bheatha, a Mhuire...

Ach bhí buaireamh uirthi de chionn na cainte,/
agus bhí sí ag machnamh cén sort beannachadh seo. (Lúcás 1:29)

Sé do bheatha, a Mhuire...

Ach dúirt an t-aingeal lei: "Ná bíodh eagla ort, a Mhuire,/
óir fuair tú gean ó Dhia." (Lúcás 1:30)

Sé do bheatha, a Mhuire...

"Agus féach, gabhfaidh tú gin agus béarfaidh tú mac/
agus tabharfaidh tú Íosa mar ainm air." (Lúcás 1:31)

Sé do bheatha, a Mhuire...

"Beidh sé mór, agus glaofar Mac an Té is airde air, agus tabharfaidh an Tiarna Dia dó ríchathaoir Dháiví a athair, agus beidh sé ina Rí ar theaghlach Iacóib go brách,/
agus ní bheidh deireadh lena ríocht." (Lúcás 1:32,33)

Sé do bheatha, a Mhuire...

Dúirt Muire leis an aingeal:/
"Conas a bheidh seo amhlaidh, agus gan cuid agam d'fhear chéile?" (Lúcás 1:34)

Sé do bheatha, a Mhuire...

Agus dúirt an t-aingeal á freagairt: "Tuirlingeoidh an Spiorad Naomh ort,/
agus beidh cumhacht an té is airde ina scáil anuas ort," (Lúcás 1:35)

Sé do bheatha, a Mhuire...

agus sin é an fáth a mbeidh a leanbh naofa;/
glaofar Mac Dé air. (Lúcás 1:35)

Sé do bheatha, a Mhuire...

Dúirt Muire: "Féach, mise banóglach an Tiarna;/
déantar liom de réir d'fhocail." (Lúcás 1:38)

Sé do bheatha, a Mhuire...

Glóir don Athair agus don Mhac agus don Spiorad Naomh;/ Mar a bhí ar dtús, mar atá anois agus mar a bheas go brách, le saol na saol. Amen

Ó a Íosa, maith dhúinn ár bpeacaí, saor sinn ó thine ifrinn, agus stiúir anam gach n-aon go flaithis Dé, go háirithe iad súd atá i bhfíor-ghéarghá do thrócaire.


An Dara Rúndiamhair Shólásach
An Fiosrú

Ár nAthair atá ar neamh,
go naofar d'ainm
Go dtaga do ríocht
Go ndéantar do thoil ar an talamh mar a dhéantar ar neamh.
ár n-arán laethúil tabhair dúinn inniu,
agus maith dúinn ár bhfiacha
Mar a mhaithimidne dár bhféichiúnaithe féin
Agus ná lig sinn i gcathú
ach saor sinn ó olc. Amen.


Chuir Muire chun bóthair sna laethanta sin agus d'imigh go deifreach faoi dhéin na gcnoc go dtí cathair in Iúdá,/
agus chuaigh isteach i dteach Zachairias agus bheannaigh d'Eiliosaibeit. (Lúcás 1:39,40)

Sé do bheatha, a Mhuire...

Agus tharla, nuair a chuala Eiliosaibeit beannachadh Mhuire, gur bhíog an naíonán ina bhroinn,/
agus líonadh Eiliosaibeit den Spiorad Naomh (Lúcás 1:41)

Sé do bheatha, a Mhuire...

agus d'éigh sí de ghlór ard agus dúirt: "Is beannaithe tú idir mná,/
agus is beannathe toradh do brhoinne. (Lúcás 1:42)

Sé do bheatha, a Mhuire...

Agus conas a tharla seo domsa, máthair mo Thiarna a theach chugam?/
"Óir féach, nuair a chuaigh glór do bheannachta i mo chluasa, bhíog an naíonán i mo bhroinn le háthas. (Lúcás 1:43,44)

Sé do bheatha, a Mhuire...

Agus méanar di seo a chreid/
go gcomhlíonfaí na nithe dúradh léi ón Tiarna." (Lúcás 1:45)

Sé do bheatha, a Mhuire...

Agus dúirt Muire: "Mórann m'anam an Tiarna, agus rinne mo spiorad gairdeas i nDia mo Shlánaitheoir./
Óir dhearc sé le fabhar ar ísle a bhanóglach; (Lúcás 1:46,47,48)

Sé do bheatha, a Mhuire...

mar féach, déarfaidh na glúine uile feasta gur méanar dom. Óir rinne an Tiarna atá chumhachtach nithe móra dom agus is naofa ainm,/
agus tá a thrócaire ó ghlúin go glúin dúibh seo ar a mbíonn a eagla. (Lúcás 1:48,49,50)

Sé do bheatha, a Mhuire...

Thaispeáin sé neart a láimhe:/
scaip sé an dream a bhí uaibhreach i smaointe a gcroí. (Lúcás 1:51)

Sé do bheatha, a Mhuire...

Leag sé prionsaí óna gcathaoireacha,/
agus d'ardaigh sé daoine ísle; (Lúcás 1:52)

Sé do bheatha, a Mhuire...

Líon sé lucht an ocrais le nithe maithe,/
agus chuir sé na saibhre uaidh folamh. (Lúcás 1:53)

Sé do bheatha, a Mhuire...

Glóir don Athair agus don Mhac agus don Spiorad Naomh;/ Mar a bhí ar dtús, mar atá anois agus mar a bheas go brách, le saol na saol. Amen

Ó a Íosa, maith dhúinn ár bpeacaí, saor sinn ó thine ifrinn, agus stiúir anam gach n-aon go flaithis Dé, go háirithe iad súd atá i bhfíor-ghéarghá do thrócaire.


An Tríú Rúndiamhair Shólásach
Breith ár dTiarna

Ár nAthair atá ar neamh,
go naofar d'ainm
Go dtaga do ríocht
Go ndéantar do thoil ar an talamh mar a dhéantar ar neamh.
ár n-arán laethúil tabhair dúinn inniu,
agus maith dúinn ár bhfiacha
Mar a mhaithimidne dár bhféichiúnaithe féin
Agus ná lig sinn i gcathú
ach saor sinn ó olc. Amen.

Agus chuaigh Iósaef freisin saus ón nGailíl, ó chathair Nazarat, go hIúdáia, go dtí cathair Dháiví ar a nglaotar Beithil, de bhrí gur de theaghlach agus de threabhchas Dháiví é féin, chun a chláraithe mar aon le Muire, a bhean cháile, a bhí ag iompar clainne./
Agus tharla, le linn dóibh bheith ann, gur tháinig a hioná, (Lúcás 2:4,5,6)

Sé do bheatha, a Mhuire...

agus rug sí a céadghin mic, agus chuir i gcrios ceangail é,/
agus shín i mainséar é, de bhrí nach raibh slí dóibh san ósta. (Lúcás 2:7)

Sé do bheatha, a Mhuire...

Agus bhí aoirí sa taobh tíre céanna, amuigh faoin spéir, ag faireacháin oíche i mbun a dtréada. Agus sheas aingeal an Tiarna láimh leo,/
agus shoilsigh glóir an Tiarna ina dtimpeall, agus bhí uamhan agus eagla mhór orthu. (Lúcás 2:8,9)

Sé do bheatha, a Mhuire...

Agus dúirt an t-aingeal leo: "Ná bíodh eagla oraibh: óir féach, tá dea-scéala agam daoibh/
a chuirfidh áthas mór ar an bpobal uile: (Lúcás 2:10)

Sé do bheatha, a Mhuire...

rugadh Slánaitheoir daoibh inniu - is é Críost an Tiarna é - i gcathair Dháiví./
Agus is comhartha daoibh é seo: gheobhaidh sibh naíonán i gcrios ceangail agus é ina luí i mainséar." (Lúcás 2:11,12)

Sé do bheatha, a Mhuire...

Agus bhí go tobann, mar aon leis an aingeal, cuallacht de shlua na bhflaitheas ag moladh Dé agus ag rá:/
"Glóir do Dhia in uachtar neimhe, agus síocháin ar talamh don mhuintir ar a bhfuil a ghnaoi!" (Lúcás 2:13,14)

Sé do bheatha, a Mhuire...

Agus nuair a d'imigh na haingil uatha sna flaithis, dúirt na haoirí le chéile:/
"Téimis anonn go Beithil, agus feicimis an ní seo a tharla a d'inis an Tiarna dúinn." (Lúcás 2:15)

Sé do bheatha, a Mhuire...

Agus d'imigh go deifreach, agus fuair siad Muire agus Iósaef, agus an naíonán/
ina luí sa mhainséar. (Lúcás 2:16)

Sé do bheatha, a Mhuire...

Agus ar a fheiceáil dóibh, d'inis siad an ní a dúradh leo mar gheall ar an leanbh seo./
Agus cách a chuala, b'ionadh leo na nithe a dúirt na haoirí leo. (Lúcás 2:17,18)

Sé do bheatha, a Mhuire...

Agus thaiscidh Muire ina cuimhne na nithe seo uile,/
ag machnamh orthu ina croí. (Lúcás 2:19)

Sé do bheatha, a Mhuire...

Glóir don Athair agus don Mhac agus don Spiorad Naomh;/ Mar a bhí ar dtús, mar atá anois agus mar a bheas go brách, le saol na saol. Amen

Ó a Íosa, maith dhúinn ár bpeacaí, saor sinn ó thine ifrinn, agus stiúir anam gach n-aon go flaithis Dé, go háirithe iad súd atá i bhfíor-ghéarghá do thrócaire.


An Ceathrú Rúndiamhair Shólásach
Toirbheart an Linbh Íosa

Ár nAthair atá ar neamh,
go naofar d'ainm
Go dtaga do ríocht
Go ndéantar do thoil ar an talamh mar a dhéantar ar neamh.
ár n-arán laethúil tabhair dúinn inniu,
agus maith dúinn ár bhfiacha
Mar a mhaithimidne dár bhféichiúnaithe féin
Agus ná lig sinn i gcathú
ach saor sinn ó olc. Amen.

Agus nuair a bhí na laethanta caite agus iad le híonghlanadh de réir dhlí Mhaois, thug said go Iarúsailéim é/
le toirbhirt don Tiarna (Lúcás 2:22)

Sé do bheatha, a Mhuire...

Bhí fear in Iarúsailéim darbh ainm Simeon,/
agus bhí an fear seo fíréanta diaga, ag súil le sólás Iosrael, agus bhí an Spiorad Naomh ina luí air. (Lúcás 2:25)

Sé do bheatha, a Mhuire...

Agus bhí foilsiú faighte ón Spiorad Naomh aige nach bfheicfeadh sé an bás/
nó go bhfeicfeadh Meisias an Tiarna. (Lúcás 2:26)

Sé do bheatha, a Mhuire...

Tháinig sé, faoi luí an Spioraid, isteach sa Teampall; agus le linn dá thuismitheoirí bheith ag tabhairt an linbh Íosa isteach chun go ndéanfaidís ar a shon de réir nós an dlí,/
ghlac seisean chuige ina ucht é, agus mhol Dia (Lúcás 2:27,28)

Sé do bheatha, a Mhuire...

"Anois atá tú ag scaoileadh do sheirbhísigh uait, a Thiarna,/
de réir d'fhocail, faoi shíocháin (Lúcás 2:29)

Sé do bheatha, a Mhuire...

mar tá mo shúile tar éis do shlánú a fheiceáil/
atá ullamh agat faoi chomhair na bpobal uile (Lúcás 2:30,31)

Sé do bheatha, a Mhuire...

solas chun na náisiúin a shoilsiú/
agus glúir do phobal Iosrael." (Lúcás 2:32

Sé do bheatha, a Mhuire...

Agus bheannaigh Simeon iad agus dúirt le Muire a mháthair: "Féach, is dán dó seo bheith ina thrúig leagtha agus éirithe dá lán in Iosrael/
agus ina chomhartha a shéanfar (Lúcás 2:34)

Sé do bheatha, a Mhuire...

agus gabhfaidh claíomh trí d'anam féin - /
chun go bhfoilseofaí smaointe as mórán croíthe." (Lúcás 2:35)

Sé do bheatha, a Mhuire...

Nuair a bhí gach ní curtha i gcrích acu de réir dhlí an Tiarna, d'fhill siad ar an nGailíl, go dtí a gcathair féin Nazarat./
Agus d'fhás an leanbh agus neartaigh, é lán d'eagna; agus bhí grásta Dé ina luí air. (Lúcás 2:39,40)

Sé do bheatha, a Mhuire...

Glóir don Athair agus don Mhac agus don Spiorad Naomh;/ Mar a bhí ar dtús, mar atá anois agus mar a bheas go brách, le saol na saol. Amen

Ó a Íosa, maith dhúinn ár bpeacaí, saor sinn ó thine ifrinn, agus stiúir anam gach n-aon go flaithis Dé, go háirithe iad súd atá i bhfíor-ghéarghá do thrócaire.


An Cúigiú Rúndiamhair Shólásach
Fáil an Linbh Íosa sa Teampall

Ár nAthair atá ar neamh,
go naofar d'ainm
Go dtaga do ríocht
Go ndéantar do thoil ar an talamh mar a dhéantar ar neamh.
ár n-arán laethúil tabhair dúinn inniu,
agus maith dúinn ár bhfiacha
Mar a mhaithimidne dár bhféichiúnaithe féin
Agus ná lig sinn i gcathú
ach saor sinn ó olc. Amen.

Théadh a thuismitheoirí gach bhliain go hIarúsailéim i gcoir féile na Cásca./
Agus nuaire a bhí sé dhá bhliain dáag, chuaigh siad suas de réir ghnás na féile; (Lúcás 2:41,42)

Sé do bheatha, a Mhuire...

agus nuair a bhí na laethanta caite acu, agus iad ag filleadh, d'fhan an buachaill Íosa in Iarúsailéim ina ndiaidh,/
gan fhios dá thuismitheoirí. (Lúcás 2:43)

Sé do bheatha, a Mhuire...

Shíl siad gur ar an gcomplacht a bhí sé, agus ar theacht dóibh siúl aon lae,/
bhí siad á lorg i measc a ngaolta agus a lucht aitheantais, (Lúcás 2:44)

Sé do bheatha, a Mhuire...

agus nuair nach bhfuair siad é, chuaigh siad ar ais go Iarúsailéim á lorg. I gcionn trí lá fuair siad sa Teampall é ina shuí i measc na máistrí/
ag éisteacht leo agus ag cur ceisteanna chucu. (Lúcás 2:45,46)

Sé do bheatha, a Mhuire...

Agus bhí alltacht ar chách a bhí ag éisteacht leis/
mar gheall ar a thuiscint agus ar a fhreagraí. (Lúcás 2:47)

Sé do bheatha, a Mhuire...

Nuair a chonaic siad é, ghabh iontas iad, agus dúirt a mháthair leis:/
"A mhic, cad chuige ndearna tú é seo orainn? Féach, bhí d'athair agus mé féin do do lorg go cáite." (Lúcás 2:48)

Sé do bheatha, a Mhuire...

Agus dúirt sé leo: "Cad chuige a mbeadh sibh do lorg?/
Nach raibh a fhios agaibh gur i dteach m'Athar nárbh fholáir dom bheith?" (Lúcás 2:49)

Sé do bheatha, a Mhuire...

Ach níor thuig siad/
an focal a labhair sé leo. (Lúcás 2:50)

Sé do bheatha, a Mhuire...

Agus chuaigh sé síos in éineacht leo agus tháinig go Nazarat, agus bhí sé faoina smacht./
Agus thaiscigh a mháthair go dílis na nithe seo uile ina croí. (Lúcás 2:51)

Sé do bheatha, a Mhuire

Agus bhí Íosa ag dul ar aghaidh in eagna agus i bpearsa agus i ngrásta/
i láthair Dé agus daoine. (Lúcás 2:52)

Sé do bheatha, a Mhuire...

Glóir don Athair agus don Mhac agus don Spiorad Naomh;/ Mar a bhí ar dtús, mar atá anois agus mar a bheas go brách, le saol na saol. Amen

Ó a Íosa, maith dhúinn ár bpeacaí, saor sinn ó thine ifrinn, agus stiúir anam gach n-aon go flaithis Dé, go háirithe iad súd atá i bhfíor-ghéarghá do thrócaire.

Go mbeannaíthear duit, a Bhanríon Naofa,
A Mháthair na trócaire,
ár mbeatha, ár mílseacht agus ár ndóchas,
Go mbeannaíthear duit.
Is ort a ghlaoimid, clann dhíbeartha Éabha.
Is chugat a chuirimid suas ár n-urnaí,
Ag caoineadh agus ag gol,
sa ghleann seo na ndeor.
Ar an ábhar sin, ós tú ár n-abhcóide,
iompaigh orainn dó shúile atá lán de thrua,
agus tar éis na deoraíochta seo
taispeáin dúinn Íosa,
toradh beannaithe do bhroinne,
A Mhaighdean Mhuire cheansa, ghrámhar, mhilis.
V. Guigh orainn a Naomh-Mháthair Dé
R. Ionas go mb'fiú sinn geallúna Chríost.

Guímís:
A Dhia arbh é d'Aonmhac a
cheannaigh dúinn luach saothair na beatha
síoraí lena bheatha, lena bhás agus lena
aiséirí; tabhair dúinn, impímid, ag machnamh
dúinn ar na rúndiamhra sin sa
Choróin rónaofa Mhuire, go leanfaimis
a bhfuil le fáil iontu agus go bhfaighmis a
bhfuil geallta acu; tríd an Íosa Críost céanna
ár dTiarna. Amen.
Go bhfana cabhair Dé againn i gcónaí.
Agus go bhfaighe anamacha na bhfíréan
suaimhneas síoraí. Trí Chríost ár dTiarna. Amen.

In ainm an Athar agus an Mhic agus an Spioraid Naoimh. Amen.




The Joyful Mysteries Na Rúndiamhra Sólásacha
The Luminous Mysteries Na Rúndiamhra Solasmhara
The Sorrowful Mysteries Na Rúndiamhra Dólásacha
The Glorious Mysteries Na Rúndiamhra Glórmhara