Labhair Íosa leo arís más ea: "Is mise," ar sé, "solas an tsaoil. An té a leanfaidh
mise, ní shiúlfaidh sé sa dorchacht, ach beidh aige solas na beatha." (Eoin 8:12)
Abhaile | An Teagasc | Urnaithe agus Deabhóidí | Spioradáltacht | Na Naoimh | Ar son na Beatha | Pobal | Naisc Caitliceacha | Cultúr



Na Rúndiamhra Sólásacha



An Chéad Rúndiamhair Shólásach
Teachtaireacht an Aingil

Agus ar a theacht isteach chuici dúirt: "Sé do bheatha, atá lán de ghrásta, tá an Tiarna leat;" (Lúcás 1:28)

Ár nAthair aon uair amháin, Sé do bheatha, a Mhuire deich n-uaire, Glóir don Athair aon uair amháin

A Íosa, maith dúinn ár bpeacaí, saor sinn ó thinte ifrinn, stiúir anam gach aon go flaithis Dé, go háirithe iad siúd atá i bhfíor-ghéarghá do thrócaire.


An Dara Rúndiamhair Shólásach
An Fiosrú

Agus tharla, nuair a chuala Eiliosaibeit beannachadh Mhuire, gur bhíog an naíonán ina bhroinn, agus líonadh Eiliosaibeit den Spiorad Naomh agus d'éigh sí de ghlór ard agus dúirt: "Is beannaithe tú idir mná, agus is beannathe toradh do brhoinne. (Lúcás 1:41-42)

Ár nAthair aon uair amháin, Sé do bheatha, a Mhuire deich n-uaire, Glóir don Athair aon uair amháin

A Íosa, maith dúinn ár bpeacaí, saor sinn ó thinte ifrinn, stiúir anam gach aon go flaithis Dé, go háirithe iad siúd atá i bhfíor-ghéarghá do thrócaire.


An Tríú Rúndiamhair Shólásach
Breith ár dTiarna

Agus tharla, le linn dóibh bheith ann, gur tháinig a hionú, agus rug sí a céadghin mic, agus chuir i gcrios ceangail é, agus shín i mainséar é, de bhrí nach raibh slí dóibh san ósta. (Lúcás 2:6-7)

Ár nAthair aon uair amháin, Sé do bheatha, a Mhuire deich n-uaire, Glóir don Athair aon uair amháin

A Íosa, maith dúinn ár bpeacaí, saor sinn ó thinte ifrinn, stiúir anam gach aon go flaithis Dé, go háirithe iad siúd atá i bhfíor-ghéarghá do thrócaire.


An Ceathrú Rúndiamhair Shólásach
Toirbheart an Linbh Íosa

Agus nuair a bhí na laethanta caite agus iad le híonghlanadh de réir dhlí Mhaois, thug said go Iarúsailéim é le toirbhirt don Tiarna - mar atá scríofa i ndlí an Tiarna: "Gach fíreannach atá ina chéadghin is rud coisricthe don Tiarna é" (Lúcás 2:22-23)

Ár nAthair aon uair amháin, Sé do bheatha, a Mhuire deich n-uaire, Glóir don Athair aon uair amháin

A Íosa, maith dúinn ár bpeacaí, saor sinn ó thinte ifrinn, stiúir anam gach aon go flaithis Dé, go háirithe iad siúd atá i bhfíor-ghéarghá do thrócaire.


An Cúigiú Rúndiamhair Shólásach
Fáil an Linbh Íosa sa Teampall

I gcionn trí lá fuair siad sa Teampall é ina shuí i measc na máistrí ag éisteacht leo agus ag cur ceisteanna chucu. Agus bhí alltacht ar chách a bhí ag éisteacht leis mar gheall ar a thuiscint agus ar a fhreagraí. (Lúcás 2:46-47)

Ár nAthair aon uair amháin, Sé do bheatha, a Mhuire deich n-uaire, Glóir don Athair aon uair amháin

A Íosa, maith dúinn ár bpeacaí, saor sinn ó thinte ifrinn, stiúir anam gach aon go flaithis Dé, go háirithe iad siúd atá i bhfíor-ghéarghá do thrócaire.





Scripture verses from "An Bíobla Naofa", used on this website with the kind permission of the publisher (An Sagart).


The Joyful Mysteries Na Rúndiamhra Sólásacha
The Sorrowful Mysteries Na Rúndiamhra Dólásacha
The Glorious Mysteries Na Rúndiamhra Glórmhara