|
followeth me, walketh not in darkness, but shall have the light of life. (John 8:12) |
|
|
|
In ainm an Athar agus an Mhic agus an Spioraid Naoimh. Amen.
Cré na n-Aspal Creidim i nDia, an tAthair uilechumhachtach, Cruthaitheoir neimhe agus talún; agus in Íosa Críost, a aon Mhacsan, ár dTiarna, a ghabhadh ón Spiorad Naomh, a rugadh ó Mhuire Ógh; a d'fhulaing páis faoi Phointius Píoláit, a céasadh ar chrois, a fuair bás agus a adhlacadh; a chuaigh síos go hIfreann, a d'éirigh an treas lá ó mhairbh; a chuaigh suas ar neamh; atá ina shuí ar dheis Dé, An tAthair uilechumhachtach; As sin tiocfaidh sé chun Breithiúnas a thabhairt Ar bheo agus ar mhairbh. Creidim sa Spiorad Naomh, Sa Naomh-Eaglais Chaitliceach, I gComaoin na Naomh; I maithiúnas na bpeacaí In aiséirí na colainne, Agus sa bheatha shíoraí. Amen. Ár nAthair atá ar neamh, go naofar d'ainm Go dtaga do ríocht Go ndéantar do thoil ar an talamh mar a dhéantar ar neamh. ár n-arán laethúil tabhair dúinn inniu, agus maith dúinn ár bhfiacha Mar a mhaithimidne dár bhféichiúnaithe féin Agus ná lig sinn i gcathú ach saor sinn ó olc. Amen. Sé do bheatha, a Mhuire, atá lán de ghrásta, tá an Tiarna leat. Is beannaithe thú idir mná Agus is beannaithe toradh do bhroinne, Íosa. A Naomh-Mhuire, a Mháthair Dé, guigh orainn na peacaigh, Anois agus ar uair ár mbáis. Amen. (Trí huaire a rá) Glóir don Athair agus don Mhac agus don Spiorad Naomh;/ Mar a bhí ar dtús, mar atá anois agus mar a bheas go brách, le saol na saol. Amen Ó a Íosa, maith dhúinn ár bpeacaí, saor sinn ó thine ifrinn, agus stiúir anam gach n-aon go flaithis Dé, go háirithe iad súd atá i bhfíor-ghéarghá do thrócaire.
Ár nAthair atá ar neamh, go naofar d'ainm Go dtaga do ríocht Go ndéantar do thoil ar an talamh mar a dhéantar ar neamh. ár n-arán laethúil tabhair dúinn inniu, agus maith dúinn ár bhfiacha Mar a mhaithimidne dár bhféichiúnaithe féin Agus ná lig sinn i gcathú ach saor sinn ó olc. Amen. Sna laethanta sin, tháinig Eoin Baiste i láthair agus é ag sean móir i bhfásach Iúdáia:/ "Déanaigí aithrí", deireadh sé, "mar tá ríocht na bhflaitheas in achmaireacht." (Matha 3:1,2) Sé do bheatha, a Mhuire... Dúirt sé: "Is glór duine mé ag éamh san fhásach:/ 'Déanaigí díreach bóthar an Tiarna,' mar a dúirt Íseáia fáidh." (Eoin 1:23) Sé do bheatha, a Mhuire... "Táimse do bhur mbaisteadh le huisce, i gcomhair na haithrí; ach an té atá ag teacht i mo dhiaidh is treise é ná mise, agus ní fiú mé a bhróga a bhaint de:/ baistfidh seisean sibh leis an Spiorad Naomh agus le tine." (Matha 3:11) Sé do bheatha, a Mhuire... Lá arna mhárach chonaic Eoin áosa ag teacht chuige agus dúirt sé: "Seo é Uan Dé a thógann peaca an domhain!" (Eoin 1:29) Sé do bheatha, a Mhuire... Tháinig Íosa i láthair ansin: ón nGailíl a tháinig, go dtí an Iordáin ag triall ar Eoin chun baisteadh a fháil uaidh. Ach bhí Eoin ag iarraidh é stop./ "Is domsa is gá baisteadh a fháil uaitse," ar seisean, "agus an bhfuil tusa ag teacht chugamsa?" (Matha 3:13,14) Sé do bheatha, a Mhuire... Dúirt Íosa leis á fhreagairt:/ "Lig dó anois: is mar seo is cuí dúinn an fhíréantacht a chur i gcrích go hiomlán." (Matha 3:15) Sé do bheatha, a Mhuire... An túisce is a baisteadh é, tháinig Íosa aníos as an uisce,/ agus osclaíodh na flaithis dó, agus chonaic sé Spiorad Dé ag teacht anuas mar a bheadh colm agus é ag tuirlingt air. (Matha 3:16) Sé do bheatha, a Mhuire... Agus tháinig glór ó na flaithis a dúirt:/ "Is é seo mo Mhac muirneach dár thug me gnaoí." (Matha 3:17) Sé do bheatha, a Mhuire... Agus thug Eoin fianaise: "Chonaic mé," ar sé, "an Spiorad, mar cholm, ag tuirlingt air ó na flaithis agus ag fanacht air./ an té a sheol mé ag baisteadh le huisce, dúirt seisean liom: 'An té ar a bhfeicfidh tú an Spiorad ag tuirlingt agus ag fanacht air, eisean an té a bhaisteann leis an Spiorad Naomh.'" (Eoin 1:32,33) Sé do bheatha, a Mhuire... "Chonaic mé agus is finné mé/ gurb é seo Mac Dé." (Eoin 1:34) Sé do bheatha, a Mhuire... Glóir don Athair agus don Mhac agus don Spiorad Naomh;/ Mar a bhí ar dtús, mar atá anois agus mar a bheas go brách, le saol na saol. Amen Ó a Íosa, maith dhúinn ár bpeacaí, saor sinn ó thine ifrinn, agus stiúir anam gach n-aon go flaithis Dé, go háirithe iad súd atá i bhfíor-ghéarghá do thrócaire.
Ár nAthair atá ar neamh, go naofar d'ainm Go dtaga do ríocht Go ndéantar do thoil ar an talamh mar a dhéantar ar neamh. ár n-arán laethúil tabhair dúinn inniu, agus maith dúinn ár bhfiacha Mar a mhaithimidne dár bhféichiúnaithe féin Agus ná lig sinn i gcathú ach saor sinn ó olc. Amen. An tríú lá bhí pósadh i gCana sa Ghailíl agus bhí máthair Íosa ann./ Fuair Íosa cuireadh chun an phósta freisin, agus a dheisceabail. (Eoin 2:1,2) Sé do bheatha, a Mhuire... Chuaigh den fhíon agus dúirt a mháthair le Íosa:/ "Níl aon fhíon acu." (Eoin 2:3) Sé do bheatha, a Mhuire... Dúirt Íosa lei: "Cad ab áil leat díom, a bhean?/ Níl m'uairse tagtha fós." (Eoin 2:4) Sé do bheatha, a Mhuire... Dúirt a mháthair leis an lucht freastail:/ "Déanaigí cibé ní a ndéarfaidh sé libh." (Eoin 2:5) Sé do bheatha, a Mhuire... Bhí sé soithí cloiche ansiúd le haghaidh íonghlanadh de réir nós na nGiúdach;/ choinneoidís a dó nó a trí de mheadair an ceann. (Eoin 2:6) Sé do bheatha, a Mhuire... Dúirt Íosa leo: "Líonaigí na soithí suas le huisce."/ Agus líon siad go béal iad. (Eoin 2:7) Sé do bheatha, a Mhuire... Dúirt sé leo:/ "Tairraingí gí as feasta agus beirigí go dtí máistir na fleá é." (Eoin 2:8) Sé do bheatha, a Mhuire... Rug siad, agus nuair a bhlais máistir na fleá an t-uisce ina fhíon, agus gan a fhios aige cár tháinig sé as (bhí a fhios áfach, ag an lucht freastail a tharraing an t-uisce)/ ghlaoigh an máistir ar an bhfear nuaphósta (Eoin 2:9) Sé do bheatha, a Mhuire... agus dúirt leis: "Cuireann gach duine an fíon maith ar an gclár ar dtús agus nuair a bhíonn siad ar meisce, an dara grád./ Ach choinnigh tusa an fíon maith go dtí anois." (Eoin 2:10) Sé do bheatha, a Mhuire... Rinne Íosa an chéad cheann sin dá chomharthaí i gCana sa Ghailíl, agus theaspeáin sé a ghlóir/ agus chreid a dheisceabail ann. (Eoin 2:11) Sé do bheatha, a Mhuire... Glóir don Athair agus don Mhac agus don Spiorad Naomh;/ Mar a bhí ar dtús, mar atá anois agus mar a bheas go brách, le saol na saol. Amen Ó a Íosa, maith dhúinn ár bpeacaí, saor sinn ó thine ifrinn, agus stiúir anam gach n-aon go flaithis Dé, go háirithe iad súd atá i bhfíor-ghéarghá do thrócaire.
Ár nAthair atá ar neamh, go naofar d'ainm Go dtaga do ríocht Go ndéantar do thoil ar an talamh mar a dhéantar ar neamh. ár n-arán laethúil tabhair dúinn inniu, agus maith dúinn ár bhfiacha Mar a mhaithimidne dár bhféichiúnaithe féin Agus ná lig sinn i gcathú ach saor sinn ó olc. Amen. Agus d'éirigh ina sheasamh chun an léitheoireacht a dhéanamh. Síneadh chuige leabhar Íseáia fáidh, agus ar oscail an leabhair dó, fuair sé an t-ionad ina raibh scríofa:/ "Tá Spiorad an Tiarna orm, mar gur choisric le hola mé. (Lúcás 4: 16,17,18) Sé do bheatha, a Mhuire... Chuir sé uaidh mé ag tabhairt an dea-scéal do na boicht, ag fógaiirt a scaoilte do bhránna agus aiseag a radhairc do dhaill; ag scaoileadh lucht géarbhroide saor;/ ag fógairt bhliain ghrásta an Tiarna." (Lúcás 4:18,19) Sé do bheatha, a Mhuire... "Tá an tréimhse caite agus Tá ríocht Dé in achmaireacht./ Déanaigí aithrí agus creidigí sa soiscéal." (Marcas 1:15) Sé do bheatha, a Mhuire... "Go deimhin féin a deirim leat, mura ngintear duine ó uisce agus ón Spiorad, ní féidir dó dul isteach ríocht Dé./ An ghin a gineadh ón bhfeoil is feoil í; an ghin ón Spiorad is spiorad í." (Eoin 3:5,6) Sé do bheatha, a Mhuire... Óir ghráidh Dia an domhan chomh mór sin gur thug sé a Aonghin Mic uaidh/ i dtreo, gach duine a chreideann ann, nach gcaillfí é ach go mbeadh an bheatha shíoraí aige. (Eoin 3:16) Sé do bheatha, a Mhuire... "Deirim libh go fírinneach, mura geasa sibh arís chun bheith ar nós na leanaí , ní rachaidh sibh isteach i ríocht na bhflaitheas choíche./ Mar sin, duine ar bith a dhéanfaidh é féin uiríseal ar nós an linbh seo, beidh sé sin ar an té is mó i ríocht na bhflaitheas." (Matha 18:3,4) Sé do bheatha, a Mhuire... "Ríocht Dé, ní amhlaidh a bhraitear ag teacht í, ná ní amhlaidh a déarfar: 'Féach, tá sí anseo'; nó: 'Tá sí ansuid';/ óir bíodh a fhios agaibh go bhfuil ríocht Dé in bhur lár. (Lúcás 17:20,21) Sé do bheatha, a Mhuire... "Nuair a thiocfaidh Mac an Duine ina ghlóir agus na haingil uile in éineacht leis, rachaidh sé ina shuí an uair sin i ríchathaoir a ghlóire./ Cuirfidh sé na caoirigh ar a láimh dheis agus na gabhair ar a láimh chlé." (Matha 25:31,33) Sé do bheatha, a Mhuire... "Ansin déarfaidh an rí le lucht na láimhe deise:/ 'Tagaigí, a lucht bheannaithe m'Athar, glacaigí mar oidhreacht an ríocht a ullmhaíodh daoibh ó thúsú an domhain." (Matha 25:34) Sé do bheatha, a Mhuire... "Alleluia! Óir tháinig an Tiarna, ár nDia Uilechumhachtach, i réim. Déanaimis gairdeas agus lúchair agus tugaimis glóir dó./ Óir tá bainis an Uain tagtha, agus tá a nuachair arna hullmhú féin." (Apacailipsis Eoin 19:6.7) Sé do bheatha, a Mhuire... Glóir don Athair agus don Mhac agus don Spiorad Naomh;/ Mar a bhí ar dtús, mar atá anois agus mar a bheas go brách, le saol na saol. Amen Ó a Íosa, maith dhúinn ár bpeacaí, saor sinn ó thine ifrinn, agus stiúir anam gach n-aon go flaithis Dé, go háirithe iad súd atá i bhfíor-ghéarghá do thrócaire.
Ár nAthair atá ar neamh, go naofar d'ainm Go dtaga do ríocht Go ndéantar do thoil ar an talamh mar a dhéantar ar neamh. ár n-arán laethúil tabhair dúinn inniu, agus maith dúinn ár bhfiacha Mar a mhaithimidne dár bhféichiúnaithe féin Agus ná lig sinn i gcathú ach saor sinn ó olc. Amen. Sé lá ina dhiaidh sin, rug Íosa leis Peadar, Séamas agus a dhearthháir Eoin,/ agus sheol sé suas iad sliabh ard ar leithligh. (Matha 17:1) Sé do bheatha, a Mhuire... Agus tháinig claochlú air os comhair ar súl: shoilsigh a ghnúis ar nós na gréine/ agus d'éirigh a chuid éadaigh chomh gléigeal leis an solas. (Matha 17:2) Sé do bheatha, a Mhuire... Agus bhí beirt ar fhear ag agallamh leis - b'iad Maois agus Éilias iad - agus chonacthas i nglóir iad/ ag caint faoina imeacht as an saol, rud a bhí le tabhairt chun chríche aige in Iarúsailéim. (Lúcás 9:30,31) Sé do bheatha, a Mhuire... Agus labhair Peadar le hÍosa: "A Mháistir," ar sé, "is maith mar a tharla anseo sinn:/ déanaimis trí bothanna, ceann duit féin, ceann do Mhaois agus ceann d'Éilias." (Marcas 9:5) Sé do bheatha, a Mhuire... Sula raibh an focal as a bhéal,/ seo scamall solasmhar ina scáil anuas orthu, (Matha 17:5) Sé do bheatha, a Mhuire... agus an glór as an scamall:/ "Is é seo mo Mhac muirneach dár thug mé gnaoi; éistigh leis." (Matha 17:5) Sé do bheatha, a Mhuire... Agus le foghar an ghlóir sin, chaith na deisceabail iad féin ar a mbéal,/ lán d'uamhan. (Matha 17:6) Sé do bheatha, a Mhuire... Tháinig Íosa chucu agus lead a lámh orthu:/ "Éirígí," ar seisean; "ná bíodh eagla oraibh." (Matha 17:7) Sé do bheatha, a Mhuire... Ar dhearcadh suas dóibh,/ ní raibh neach ar bith le feiceáil acu ach Íosa féin amhain. (Matha 17:8) Sé do bheatha, a Mhuire... Agus ar a slí anuas dóibh ón sliabh, thug Íosa ordú dóibh:/ "Ná labhraigí le duine ar bith faoin bhfís seo," ar seisean, "nó go mbeidh Mac an Duine éirithe ó mhairbh." (Matha 17:9) Sé do bheatha, a Mhuire... Glóir don Athair agus don Mhac agus don Spiorad Naomh;/ Mar a bhí ar dtús, mar atá anois agus mar a bheas go brách, le saol na saol. Amen. Ó a Íosa, maith dhúinn ár bpeacaí, saor sinn ó thine ifrinn, agus stiúir anam gach n-aon go flaithis Dé, go háirithe iad súd atá i bhfíor-ghéarghá do thrócaire.
Ár nAthair atá ar neamh, go naofar d'ainm Go dtaga do ríocht Go ndéantar do thoil ar an talamh mar a dhéantar ar neamh. ár n-arán laethúil tabhair dúinn inniu, agus maith dúinn ár bhfiacha Mar a mhaithimidne dár bhféichiúnaithe féin Agus ná lig sinn i gcathú ach saor sinn ó olc. Amen. "Amen, Amen, a deirim libh, ní hé Maois a thug an t-arán ó neamh daoibh, ach is é m'Athair a thugann an t-arán ó neamh daoibh, an t-arán fírinneach./ Óir is é arán Dé an té a thagann anuas ó neamh agus a thugann beatha don domhan." (Eoin 6:32,33) Sé do bheatha, a Mhuire... Mise arán na beatha, an té a thagann chugamsa ní bheidh ocras air choíche, agus an té a chreideann ionamsa ní bheidh tart air choíche."/ "Amen, Amen, a deirim libh, an té a chreideann, tá an bheatha shíoraí aige." (Eoin 6:35,47) Sé do bheatha, a Mhuire... "Is mise an t-arán beo a tháinig anuas ó neamh. á itheann duine an t-arán seo mairfidh sé go deo,/ agus an t-arán a thabharfaidh mé uaim is é m'fheoil é [a thabharfar] ar son bheatha an domhan." {Eoin 6:51) Sé do bheatha, a Mhuire... Dúirt Íosa leo:/ "Amen, Amen, a deirim libh, mura n-íosfaidh sibh feoil Mac an Duine, agus a chuid fola ól, ní bheidh beatha agaibh ionaibh." (Eoin 6:53) Sé do bheatha, a Mhuire... "An té a itheann m'fheoil agus a ólannn m'fhuil, tá an bheatha shíoraí aige, agus tógfaidh mé suas é an lá deireanach./ Is bia go fíor mo chuid feola agus is deoch go fíor mo chuid fola." (Eoin 6:54,55) Sé do bheatha, a Mhuire... "An té a itheann m'fheoil agus a ólann m'fhuil cónaíonn sé ionamsa agus cónaímse ann./ Amhail mar a chuir an tAthair beo mise uaidh, agus mar is beo mise tríd an Athair, mar an gcéanna, an té itheann mise, mairfidh sé tríom." (Eoin 6:56,57) Sé do bheatha, a Mhuire... Ansin tharraing a lán dá dheisceabail siar agus ní théidís timpeall lena chois a thuilleadh./ Dúirt Íosa dá bhrí sin leis an dáréag: "Cad mar gheall oraibhse, an mian libhse freisin imeacht?" (Eoin 6:66,67) Sé do bheatha, a Mhuire... D'fhreagair Síomón Peadar é: "A Thiarna, cé chuige a rachamaid? Is agatsa atá briathra na beatha síoraí,/ agus chreideamar agus tá a fhios againn gur tusa Neach Naofa Dé." (Eoin 6:68,69) Sé do bheatha, a Mhuire... Le linn dóibh bheith ag ithe, thóg Íosa arán, agus ar a bheannú dó, bhris, agus á thabhairt do na deisceabail dó, dúirt: "Tógaigí, ithigí: is é seo mo chorp." Agus thóg sé cupa, agus ar altú dó, thug dóibh é ag rá:/ "Ólaigí uile as seo, óir is í seo m'fhuilse an tiomna, atá le doirteach ar son mórán chun peacaí a mhaitheamh." (Matha 26:26,27,28) Sé do bheatha, a Mhuire... A mhinice, más ea, a itheann sibh an t-arán seo agus a ólann sibh an cupa,/ bíonnn sibh ag fógairt bhás an Tiarna nó go dtiocfaidh sé. (1 Corantaigh 11:26) Sé do bheatha, a Mhuire... Glóir don Athair agus don Mhac agus don Spiorad Naomh;/ Mar a bhí ar dtús, mar atá anois agus mar a bheas go brách, le saol na saol. Amen Ó a Íosa, maith dhúinn ár bpeacaí, saor sinn ó thine ifrinn, agus stiúir anam gach n-aon go flaithis Dé, go háirithe iad súd atá i bhfíor-ghéarghá do thrócaire. Go mbeannaíthear duit, a Bhanríon Naofa, A Mháthair na trócaire, ár mbeatha, ár mílseacht agus ár ndóchas, Go mbeannaíthear duit. Is ort a ghlaoimid, clann dhíbeartha Éabha. Is chugat a chuirimid suas ár n-urnaí, Ag caoineadh agus ag gol, sa ghleann seo na ndeor. Ar an ábhar sin, ós tú ár n-abhcóide, iompaigh orainn dó shúile atá lán de thrua, agus tar éis na deoraíochta seo taispeáin dúinn Íosa, toradh beannaithe do bhroinne, A Mhaighdean Mhuire cheansa, ghrámhar, mhilis. V. Guigh orainn a Naomh-Mháthair Dé R. Ionas go mb'fiú sinn geallúna Chríost. Guímís: A Dhia arbh é d'Aonmhac a cheannaigh dúinn luach saothair na beatha síoraí lena bheatha, lena bhás agus lena aiséirí; tabhair dúinn, impímid, ag machnamh dúinn ar na rúndiamhra sin sa Choróin rónaofa Mhuire, go leanfaimis a bhfuil le fáil iontu agus go bhfaighmis a bhfuil geallta acu; tríd an Íosa Críost céanna ár dTiarna. Amen. Go bhfana cabhair Dé againn i gcónaí. Agus go bhfaighe anamacha na bhfíréan suaimhneas síoraí. Trí Chríost ár dTiarna. Amen. In ainm an Athar agus an Mhic agus an Spioraid Naoimh. Amen. |
|
|
|